Monday, April 21, 2025

Pope Francis RIP - Raphoe

Is le brón ó chroí a tháinig scéala bháis an Pápa Prionsias ag pobal na deoise. larrtar ar Phobal Dé a n-urnaí a chuir suas le Dia ag iarraidh an maithiúnas sin don Phápa a d'fhógair sé le fuinneamh don domhan le go bhfaigheadh sé an suaimhneas síoraí i Ríocht na Glóire. 

Beirimid buíochas do Dhia ar an fhianaise a thug sé ar bunchlocha spioradálta agus daonna san domhan atá ag cruthú cruacháis mar gheall ar an éagóir i gcúrsaí eacnamaíochta agus cogaí. 

Theagasc sé dúinn plé le daoine ar dhóigh a thugann an chéad áit den chineáltas agus an carthanas. 

Tá mar oidhreacht aige don Eaglais go mbeadh comhoibriú idir gach ball le fianaise níos fiúntach a thabhairt ar an dóchas Críostaí. 

Ar dheis Dé go raibh a anam agus leaba aige i measc na naomh.

Mons Caoimhín Mac Giolla Easboig

Riarthóir Deoise Rath Bhoth