Sunday, February 01, 2026

Brighid, Muire na nGael

Brighid, Muire na nGael

Cumhdaigh faoi do chlóca sinn
is muid ag ceiliúradh thús an earraigh,
an geimhreadh fada caite againn 
ag troid le fearg agus fraoch na dúlaíochta.

Glac faoi do choimirce sinn, a Bhrighid, 
Naomhphátrún na hÉireann. 
Bíodh do bhratóg mar íocshláinte againn, 
do chrosóg mar sciath chosanta.

A Bhrighid chneasta chineálta, 
scáthaigh faoi do bhrat sinn, 
cosain muid ar easláinte is ar thinneas 
is bronn orainn torthúlacht 
agus beannachtaí an earraigh.

© Máire Dinny Wren