Tuesday, March 07, 2017

ÉIRE : Aird anois ar árais eile do mháithreacha agus naíonáin

Leacht cuimhneacháin i mBaile na gCros, Co na hIarmhíI bhfianaise na dtaisí a aimsíodh ar láthair ionad an Bons Secours i dTuaim, tá aird dírithe anois ar árais eile do mháithreacha agus naíonáin a bhí ag feidhmniú sa tír i lár an chéid seo caite. 

Bhí naoi n-áras mar sin ann.

Is é Teach Mainéir i mBaile na gCros, Co na hIarmhí, an t-aon ionad a tógadh go speisialta mar áras do mháithreacha agus naíonáin.

Sa bhliain 1939 a tógadh an t-áras agus bhí áit ann do 75 máthair agus 125 leanbh.  Dúnadh é i 1971. 

Siúracha an Chroí Rónaofa a bhí i bhfeighil Theach Mainéir. Ba leis an ord céanna Teach Bessborough i gCorcaigh agus Mainistir Rois i Ros Cré, Co Thiobraid Árann.

Meastar gur fhan breis is 4,000 máthair i dTeach Mainéir i gcaitheamh na mblianta agus gur tháinig 3,700 leanbh ar an saol ann.

Tá go leor rúndachta ag baint lenar tharla san áras sin, áfach. Tuairiscítear gur tógadh 278 leanbh as an áras agus gur uchtaíodh sna Stáit Aontaithe iad. Deirtear freisin go bhfuil 300 corp curtha i Reilig na nAingeal ar chúl an árais.

Deir Paul Redmond, urlabhraí grúpa tacaíochta, go léiríonn taifid atá feicthe aigesean gur bhásaigh breis is 200 san áras idir na blianta 1935 agus 1971. Deir sé go léiríonn na taifid chomh maith go raibh 77 marbh-bhreith ann.

Tá an grúpa tacaíochta ag iarraidh go gcuirfeadh an Stát leacht cuimhneacháin sna reiligí ina bhfuil uaigheanna gan ainm. Deir siad gur cheart go mbeadh taifead poiblí ar fáil d'ainmneacha na bpáistí a meastar atá curtha iontu.  

Deir Comhlachas na Sagart Caitliceach gur chuir sagairt droch-chomhairle san am atá caite ar thuismitheoirí mná óga a bhí ag súil le páiste agus nach raibh pósta.

Dúirt an eagraíocht gur ar an Eaglais atá cuid mhór den mhilleán faoin méid a tharla sna hárais.