Monday, March 29, 2010

Tréadlitir an Phápa Rónaofa Beinidict XVI


Tréadlitir an Phápa Rónaofa Beinidict XVI


Tréadlitir an Phápa Rónaofa Beinidict XVI Chuig Caitlicigh na hÉireann.

1. A Dheartháireacha agus a Dheirfiúracha Ionúine na hEaglaise in Éirinn,

is le himní chroí a scríobhaim chugaibh mar Thréadaí ar an Eaglais

dhomhanda. Chomh maith libh féin, cuireadh as go mór dom ag an eolas

a tháinig chun solais maidir leis an mí-úsáid leanaí agus daoine óga

leochaileacha a rinne baill na hEaglaise in Éirinn, agus a rinne sagairt

agus baill Oird Chrábhaidh ach go háirithe. Roinnim an t-uafás agus an

mothú éagóra a bhuail an méid sin agaibh nuair a chuala sibh faoi na

bearta gránna coiriúla seo, agus an bealach ina déileáil na húdaráis

Eaglasta leo.


Mar atá ar eolas agaibh, thug mé cuireadh chun na Róimhe d’easpaig

Éireann le go bhféadfaidís cur síos a dhéanamh ar an mbealach ina

déileáil siad leis na cúrsaí seo san am atá caite, agus léiriú a thabhairt faoi

na céimeanna atá glactha acu mar fhreagra ar an staid thromchúiseach seo.


I gcomhar le hoifigigh shinsearacha an Curia Rómhánaigh, d’éist mé leis

an méid a bhí le rá ag daoine indibhidiúla agus ag an ngrúpa, nuair a rinne

siad anailís ar na botúin a tharla agus na ceachtanna a bhí le foghlaim,

agus nuair a thug siad léargas ar na cláir agus na prótacail atá leagtha síos

anois. Bhí comhrá agus plé oscailte cuidiúil eadrainn.


Tá muinín agam go mbeidh na hEaspaig níos láidre dá bharr chun

leanúint ar aghaidh leis an obair atá rompu éagóracha an ama atá thart a

leigheas agus díriú ar mhórcheisteanna a bhaineann le mí-úsáid

mhionaoiseach ar bhealach a réitíonn le riachtanais an dlí agus teagasc an

tSoiscéil.

2. Ó mo thaobh féin de, ag machnamh dom ar dhonacht na gcoireanna

seo agus ag ceapadh gur minic a thug údaráis Eaglasta na tíre sin agaibh,

freagairt uireasach orthu, shocraigh mé ar an Tréadlitir seo a scríobh ag

léiriú comhbhá libh, agus bealach cneasaithe, athnuachana, cúitimh á

mholadh agam daoibh.


Is fíor, mar a deir cuid mhaith daoine sa tír sin agaibhse nach mbaineann

fadhb mí-úsáid leanaí ach go háirithe le hÉirinn, nó leis an Eaglais

amháin.


Mar sin féin, an dúshlán atá romhaibh anois ná aghaidh a thabhairt ar an

mhí-úsáid a tharla i measc phobal Caitliceach na hÉireann, agus é sin a

dhéanamh go cróga agus go daingean diongbháilte.

Ná ceapadh aon duine go dtiocfar ar réiteach gasta ar an fhadhb

phianmhar seo. Rinneadh dul chun cinn suntasach, ach tá cuid mhaith le

déanamh go fóill. Tá gá le buanseasmhacht agus le hurnaí a dhéanamh,

agus le muinín mhór i gcumhacht chneasaithe ghrásta Dé.


Ag an am céanna, caithfidh mé a rá go bhfuil tuairim dhaingean agam go

gcaithfidh an Eaglais in Éirinn na coireanna tromchúiseacha a rinneadh ar

pháistí gan cosaint a admháil os comhair an Tiarna agus os comhair an

tsaoil, sular féidir teacht slán ón ngéarghoin seo. Chuirfeadh an admháil

seo agus leithscéal macánta á ghabháil as an dochar a rinneadh do na

híospartaigh seo agus dá muintir, le hiarracht chomhaontaithe cosanta a

chur i bhfeidhm a chiallódh nach bhfulaingeodh páistí ó choireanna den

chineál céanna sa todhchaí.


Agus aghaidh á thabhairt agaibh ar dhúshláin na linne seo, iarraim oraibh

an charraig as ar gearradh sibh a bhreathnú (cf. Ís 51:1). Machnaígí ach

go háirithe ar an gcion oibre a rinne na glúine d’fhir agus de mhná na

hÉireann a d’imigh romhaibh go flaithiúil agus go laochúil go minic ar

son na hEaglaise agus ar son an phobail i gcoitinne, agus bíodh seo mar

spreagadh don fhéinscrúdú macánta agus do chlár tiomanta don

athnuachan indibhidiúil agus Eaglasta.


Guím go dtiocfaidh an Eaglais in Éirinn trí ghéarchéim na linne seo le

cabhair idirghuí an iliomad naomh agus íonghlanta trína aithrí agus go

ndéanfaidh sí fianaise dhiongbháilte maidir le fírinne agus suáilceas Dia

Uilechumhachtach mar a léiríodh trína Mhac Íosa Críost.


3. Ó thaobh na staire de, bhí tionchar mór ag Caitlicigh na hÉireann chun

maitheasa sa bhaile agus i gcéin. Scaip na manaigh Cheilteacha ar nós

Naomh Colmán an soiscéal in Iarthar na hEorpa agus leagadar bunchloch

an chultúir mainistreach meánaoiseach. Na hidéil maidir le naofacht,

carthanacht agus an eagna tharchéimnitheach a d’eascair as an

gcreideamh Críostaí, léiríodh iad nuair a tógadh séipéil agus

mainistreacha, nuair a bunaíodh scoileanna, leabharlanna, agus ospidéil,

rudaí a chabhraigh le comhdhlúthú sainiúlacht spioradálta na hEorpa.

Ghlac na misinéirí Éireannacha seo inspioráid agus neart ón gcreideamh

daingean, ón gceannasaíocht láidir agus ón mhoráltacht ionraic a léirigh

an Eaglais ina dtír dhúchais.


Ón séú haois déag i leith, d’fhulaing na Caitlicigh in Éirinn tréimhsí fada

géarleanúna, nuair a bhíodar ag streachailt chun lóchrainn an chreidimh a

choimeád beo de bharr cúinsí deacra contúirteacha.

Is é Naomh Oilibhéar Pluincéad, mairtíreach agus Ardeaspag Ard

Mhacha, an eiseamláir is mó cháil i measc slua mór de chlann na

hÉireann a bhí ullamh an bheatha a thabhairt suas ar mhaithe le dílseacht

don Soiscéal.


Nuair a tharla Fuascailt na gCaitliceach bhí an tsaoirse ag an Eaglais

bheith ag borradh is ag fás athuair. Bhí éifeacht chatalaíoch ag na mílte

teaghlach agus daoine eile gan áireamh a chaomhnaigh an creideamh in

uair na hanachaine, ar athéirí iontach an Chaitliceachais Éireannaigh sa

naoú haois déag. Chuir an Eaglais oideachas ar fáil, do na bochtáin ach

go háirithe, rud a chuir go mór leis an tsochaí Éireannach. I measc na

dtorthaí a d’eascair as na scoileanna nua Caitliceacha seo tháinig méadú

ar ghlaonna; d’fhág na glúine den chléir mhisinéireachta, de shiúracha is

de bhráithre a dtír féin chun freastal a dhéanamh ar fud na cruinne, i

measc tíortha le Béarla ach go háirithe. Ba dhaoine faoi leith iad, ní

hamháin ó thaobh na líonta móra acu a bhí ann, ach ó thaobh neart an

chreidimh agus an bhuanseasmhacht a léiríodar maidir leis an dílseacht

thréadach chomh maith. Bhí go leor deoise san Astráil, i Meiriceá agus

san Afraic go mór faoi chomaoin ag an chléir Éireannach agus baill na

nOrd Crábhaidh a scaip an Soiscéal agus a bhunaigh paróistí, scoileanna

agus ollscoileanna, clinicí agus ospidéil a d’fhreastail ar Chaitlicigh agus

ar an bpobal i gcoitinne, agus béim mhór acu ar aire a thabhairt do

riachtanais na mbocht.


Ó gach uile theach in Éirinn, nach mór, tháinig duine éigin –mac nó iníon,

aintín nó uncail – a chaith saol ar mhaithe le hobair na hEaglaise. Tá an

ceart ag na teaghlaigh Éireannacha meas agus cion bheith acu ar an

mhuintir mhuirneach a thiomnaigh saol do Chríost, a roinn bronntanas an

chreidimh le cách, agus a rinne beart de réir a mbriathar trí fhreastal go

ceanúil ar Dhia agus ar chomharsa.


4. Le blianta beaga anuas áfach, bhí ar an Eaglais in Éirinn aghaidh a

thabhairt ar dhúshláin mhórchúiseacha úra i leith an chreidimh, a

d’eascair as an gclaochlú gasta agus an dí-eaglaisiú a tháinig ar shochaí

na hÉireann. Tharla mearathrú sóisialta a chuir isteach go minic ar an

dílseacht thraidisiúnta a bhí ag daoine i leith teagasc agus luachanna an

Chaitliceachais.


Is rómhinic a tharla go ndearna daoine faillí ar an gcleachtas

sacraimintiúil agus cráifeach a thacaíonn leis an gcreideamh agus a

spreagann chun fáis é, ar nós freastal rialta ar Shacraimint na hAithrí,

an phaidreoireacht laethúil, agus cúrsa spioradálta bliantúil.

Bhí sé go mór le tabhairt faoi deara i rith na tréimhse seo, an claonadh

bheith ann i measc na cléire agus Oird Chrábhaidh chomh maith, bealaigh

chun an saol tuata a mheas agus a bhraith a chur i bhfeidhm, gan an

tagairt chuí a dhéanamh do na Soiscéil. An clár oibre don athnuachan a

mhol An Dara Comhairle Vatacánach, baineadh ciall chontráilte as

uaireanta, agus go deimhin, ag glacadh leis na hathruithe doimhne

sóisialta a bhí le sonrú ag an am, ba dheacair fhios a bheith ag duine

conas a b’fhearr an clár a chur i bhfeidhm.


Bhí claonadh ar leith ann modhanna oibre a raibh dea-thoil ag baint leo,

ach a bhí ar mhíthreoir, a chur i bhfeidhm ar imeachtaí neamhrialta

canónta, chun an pheannaideacht a sheachaint. Is sa chomhthéacs seo a

chaithfear iarracht a dhéanamh ar an fhadhb chorraitheach faoi mhí-úsáid

ghnéasach leanaí a thuiscint, rud a chuir go mór le laige sa chreideamh,

agus easpa measa don Eaglais agus dá teagasc.


Is trí scrúdú cúramach a dhéanamh ar na heilimintí ar fad ba chúis leis an

ngéarchéim seo, agus iad sin amháin, a thiocfar ar fháthmheas ceart

soiléir agus ar leigheasanna éifeachtacha.


I measc na bhfachtóirí a rannchuidíonn leis an staid seo is cinnte gur

féidir linn na cinn seo a áireamh: bonneagar uireasach maidir le

hiarrthóirí oiriúnacha don tsagartacht agus don saol cráifeach a mheas,

easpa san oideachas daonna, morálta, intleachtach agus spioradálta a

cuireadh ar fáil sna cliarscoileanna agus sna coláistí traenála, an claonadh

a bhíodh ann sa tsochaí urraim a thabhairt don chléir agus do dhaoine mór

le rá, an chásmhaireacht chontráilte a bhí ann i leith clú na hEaglaise agus

scannal a sheachaint, rudaí ba chúis le heaspa maidir leis na pionóis

canónta a bhí ann cheana féin a chur i bhfeidhm nuair ba ghá, agus gan

dínit an uile dhuine a chaomhnú is a chosaint.


Tá gá práinneach le gníomh a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar

na fachtóirí seo a raibh drochthoradh tragóideach acu ar shaol na n-

íospartach agus ar a muintir chomh maith, rudaí ba chúis le solas an

tSoiscéil a lagú, ar bhealach nach bhféadfadh na céadta bliain de

ghéarleanúint a dhéanamh.


5. Ón am a toghadh mé mar chomharba Pheadair bhí cruinnithe éagsúla

agam le híospartaigh ón mhí-úsáid ghnéasach, agus beidh mé sásta a

leithéid a dhéanamh arís sa todhchaí. Shuigh mé leo, d’éist mé lena

scéalta, thug mé aitheantas don fhulaingt, ghuigh mé leo agus ar a son.

Níos luaithe ná seo im’ phontaifeacht agus an chásmhaireacht orm

aghaidh á thabhairt ar an gceist seo, d’iarr mé ar Easpaig Éireann “an

fhírinne faoi gach ar tharla san am atá caite a fháil amach agus gach aon

bheart a bheadh riachtanach a chur i gcrích, le go ndéanfaí deimhin de

nach dtarlódh a leithéid riamh arís, chun féachaint chuige go leanfaí

prionsabail an chirt ina n-iomlán agus thar aon rud eile, chun cneasú a

thabhairt chuig na híospartaigh agus chuig gach duine eile a d’fhulaing

mar gheall ar na coireanna cruthanta seo”.


(Aitheasc chuig Easpaig Éireann, 28 Deireadh Fómhair 2006)


Leis an tréadlitir seo ba mhaith liom gach aon duine agaibh a spreagadh,

mar phobal Dé in Éirinn, machnamh a dhéanamh ar na créachtaí a

gearradh ar chorp Chríost, ar na leigheasanna pianmhara is gá a chur i

bhfeidhm chun iad a cheangail agus a chneasú, agus an gá atá ann le

haontas, le carthanacht agus le tacaíocht comhaontaithe bheith ann maidir

le próiseas fadtéarmach athchóirithe agus athnuachana na hEaglaise.

Labhraím go díreach anois libh ó mo chroí istigh agus ba mhaith liom

caint libh go pearsanta agus daoibh ar fad mar dheartháireacha is

deirfiúracha in Íosa Críost.


6. Chuig na híospartaigh a d’fhulaing an mhí-úsáid agus dá muintir

D’fhulaing sibh go géar agus tá fíor aiféala orm faoi. Tá a fhios agam go

maith nach féidir an éagóir a cuireadh i bhfeidhm oraibh a scaoileadh.

Rinneadh feall ar an mhuinín a bhí agaibh, agus sáraíodh bhur ndínit

phearsanta. Fuarthas amach go minic gur tharla sé nár éist duine ar bith

libh nuair a bhí an chrógacht ionaibh labhairt faoinar tharla daoibh. An

mhuintir sin a d’fhulaing mí-úsáid in institiúidí cónaithe, caithfidh gur

bhraith sibh nach raibh éalú ar bith ón ngéarchéim ina raibh sibh.


Glacaim leis gur deacair an rud daoibh maithiúnas a thabhairt nó

athmhuintearas a dhéanamh leis an Eaglais. Ar a son siúd, admhaím go

neamhbhalbh an náire agus an doilíos croí a mhothaíonn gach uile dhuine

againn. Ag an am céanna, iarraim oraibh gan an dóchas a ligean uaibh.

Is i gcomhar leis an Eaglais a dhéanaimid teagmháil le pearsa Íosa Críost,

a d’fhulaing é féin ón bpeaca agus ón éagóir. Chomh maith libh féin, tá

na créachtaí a d’fhulaing sé ón leatrom éagórach le sonrú air go foil.


Tuigeann sé méid bhur bpéine agus an tionchar diúltach leanúnach a

bhíonn ar bhur saolta agus ar bhur gcaidreamh dá bharr, chomh maith leis

an gcaidreamh atá agaibh leis an Eaglais.


Tá a fhios agam gur deacair do chuid agaibh cos a chur thar tairseach an

tséipéil, tar éis a tharla daoibh. Ach is iad créachtaí Chríost, claochlaithe

trína fhulaingt shlánaitheach féin is cúis leis an mbealach ina scriostar

cumhacht an oilc, agus ina athshaolaítear sinn, chun an dóchais agus chun

athnuachana. Creidim go daingean sa chumhacht chneasaitheach a

bhaineann lena ghrá féiníobartach – fiú amháin dá mbeimis in umar na

haimléise – chun faoiseamh agus gealltanas chun tosú as an nua a

thabhairt chugainn.


Labhraím libh mar thréadaí a bhfuil cúram agus leas chlann iomlán Dé air,

agus iarraim go humhal oraibh machnamh a dhéanamh ar an méid a dúirt

mé. Guím go dtiocfaidh sibh i ngiorracht do Chríost agus go nglacfaidh

sibh páirt ghníomhach i saol na hEaglaise – Eaglais a bheidh íonghlanta

ag an aithrí agus athnuaite leis an gcarthanacht thréadach – agus tríd seo

go n-aimseoidh sibh athuair an grá gan teorainn atá ag Críost don uile

dhuine agaibh.


Táim muiníneach go maith go dtiocfaidh chugaibh dá bharr,

athmhuintearas, cneasú domhain pearsanta agus síocháin.


7. Chuig na sagairt agus baill na nOrd Crábhaidh a rinne mí-úsáid ar

dhaoine óga.


Rinne sibh feall ar an muinín naofa a chuir daoine óga

neamhurchóideacha agus a gcuid tuismitheoirí ionaibh, agus caithfidh

sibh seasamh os comhair Dia Uilechumhachtach agus os comhair na n-

údarás cuí chun aghaidh a thabhairt ar na gníomhartha a rinne sibh.

Chaill sibh meas phobail na hÉireann agus tharraing sibh míchlú agus

náire ar bhur gcomhbhráithre agus siúracha i gCríost. Sibhse atá in bhur

sagairt, sháraigh sibh naofacht shacraimint an Oird Choisricthe ina

gcuireann Íosa é féin in iúl ionainne, agus i ngach rud a dhéanaimid.


Chomh maith leis an dochar ollmhór a rinneadh de na híospartaigh,

rinneadh damáiste nach beag don Eaglais agus don aithint phoiblí atá ann

i leith na cléire agus an bheatha chrábhaidh.


Spreagaim sibh le scrúdú coinsiasa a dhéanamh, freagracht a ghlacadh as

na peacaí atá déanta agaibh, agus aiféala a ghabháil go humhal. Má

bhíonn aithreachas macánta ann, scaoiltear maithiúnas Dé isteach, agus

an grásta chun leasú dáiríre saoil a chur i bhfeidhm. Ba cheart daoibh, trí

phaidreacha a ofráil agus aithrí a dhéanamh ar mhaithe leo sin a ndearna

sibh éagóir orthu, iarracht ar leorghníomh i ngach a rinne sibh a thabhairt

chun críche. Tá an chumhacht in íobairt fhuascailte Chríost, maithiúnas a

thabhairt do na peacaí marfacha is mó atá ann, agus maitheas a thabhairt

aníos fiú ón olc is uafásaí a tharlaíonn.


Ag an am céanna, iarrann ceartas Chríost orainn tuairisc iomlán a

thabhairt ar gach a ndéanaimid, agus gan rud ar bith a cheilt. Déanaigí

admháil oscailte faoin gciontacht a bhaineann libh, géilligí do riachtanais

an dlí, ach ná bíodh éadóchas oraibh i leith thrócaire Chríost.


8. Chuig na tuismitheoirí


Suaitheadh go mór sibh nuair a chuala sibh faoi na himeachtaí gránna

uafásacha a tharla i dtimpeallacht inar cheart an tsábháilteacht is mó agus

an tearmann is fearr a bheith ann. Ní éasca an rud é teaghlach a bhunú

agus páistí a thógáil i saol an lae inniu. Tá sé tuillte go maith acu go

bhfásfaidís faoi shlándáil, go mbeadh cion agus meas orthu, agus go

mbeadh féiniúlacht agus féinmhuinín láidir go smior iontu. Tá sé de

cheart acu oideachas a fháil maidir leis na luachanna fíréanta morálta a

bhíonn fréamhaithe i ndínit an duine aonair, go spreagfaí iad ag fírinne an

chreidimh Chaitlicigh, go bhfoghlaimeoidís nósanna imeachta agus

iompair, a chinnteoidh go mbeidh féinmheas rathúil agus sonas leanúnach

orthu. Bronntar an cion oibre dúshlánach uasal seo oraibhse mar

thuismitheoirí ar an gcéad dul síos.


Spreagaim sibh deimhin a dhéanamh de go mbíonn cúram den scoth ar

fáil do pháistí, sa bhaile agus sa tsochaí iomlán, agus ar a son féin

leanfaidh an Eaglais leis an straitéis a chur i bhfeidhm a forbraíodh le

blianta beaga anuas chun sábháilteacht a chinntiú don óige i dtimpeallacht

na scoile agus an pharóiste. Nuair a bhíonn na dualgais riachtanacha seo

idir lámha agaibh, bígí cinnte de go bhfanaim in bhur dteannta agus go

dtacaím libh le mo phaidreacha féin.


9. Chuig na leanaí agus chuig óige na hÉireann


Ba mhaith liom teachtaireacht spreagúil faoi leith a thabhairt daoibh. Is

mór idir an taithí atá agaibhse ar an Eaglais agus an taithí a bhíodh ag

bhur dtuismitheoirí agus bhur seanthuismitheoirí. Tá athruithe

suntasacha tagtha faoin saol ón uair ina raibh siad ag an aois atá agaibhse

anois. Mar sin féin, tugtar an cuireadh don uile ghlúin an bóithrín beatha

céanna a leanúint, gan trácht ar na cúinsí faoi leith a bhaineann linn. Is

ábhar scannail dúinne ar fad na peacaí agus na teipeanna a bhain le cuid

de mhuintir na hEaglaise, iad sin ach go háirithe a roghnaíodh le treoir

agus seirbhís a sholáthar don óige. Ach is tríd an Eaglais a rachaidh sibh

i dteagmháil le hÍosa Críost, gur mar a chéile é inné agus inniu agus go

brách. (cf. Eabh 13:8). Tá grá aige daoibh agus rinne sé é féin a ofráil ar

an gcros daoibh. Bíodh gaol pearsanta á lorg agaibh leis, taobh istigh de

chomaoin na hEaglaise, mar nach ndéanfaidh sé feall riamh ar an muinín

a bhíonn agaibh as.


Is eisean amháin a shásóidh na mianta doimhne atá ionaibh agus a

thabharfaidh brí iomlán don saol trína dhíriú i dtreo freastal a dhéanamh

ar dhaoine eile. Bíodh bhur n-aire dírithe ar Chríost agus ar a mhaitheas

siúd, agus cuir fothain in bhur gcroí ar fáil do lasair an chreidimh. I

gcomhar le bhur gcomhchaitlicigh in Éirinn, táim ag brath oraibhse

bheith mar dheisceabail dhílse an Tiarna, le go dtabharfaidh sibh an

díograis riachtanach agus an t-idéalachas cuí libh ionas go ndéanfar an

Eaglais ionúin a atógáil agus a athnuachan.


10. Chuig na sagairt agus chuig baill Oird Chrábhaidh na hÉireann

Fulaingíonn gach uile dhuine againn de bharr pheacaí ár gcomhbhráithre

a rinne feall ar an mhuinín naofa a cuireadh iontu, nó nár dhéileáil go

freagrach agus go macánta le líomhaintí mhí-úsáide. Ag glacadh leis an

uafás agus an diomú atá ar dhaoine dá bharr, tuigim go bhfuil

lagmhisneach pearsanta ann ní hamháin i measc na dtuataí ach in bhur

measc féin agus sna comhluadair reiligiúnacha, agus tuairim fiú gur

tréigeadh sibh. Glacaim leis go léiríonn aicme áirithe amhras

chomhcheangail in bhur leith agus an dearcadh acu go bhféadfadh sibh

bheith freagrach as drochghníomhartha dhaoine eile.


Ag an am anróiteach seo ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don

tiomantas a léiríonn sibh sa tsagartacht, sa bheatha chrábhaidh agus san

aspalacht, agus tugaim cuireadh daoibh an dóchas atá agaibh i gCríost, an

grá atá agaibh don Eaglais, agus an mhuinín atá ionaibh i leith gealltanas

Dé maidir le slánú, le maithiúnas, agus le hathnuachan phearsanta, a

athdheimhniú. Ar an mbealach seo tabharfaidh sibh le fios do chách gurb

í an áit ar mhéadaigh ar an bpeaca, is mó fós a mhéadaigh ar an ngrásta.

(cf. Rómh 5:20).


Tuigim go maith go bhfuil díomá, fearg agus mearbhall intinne ar chuid

mhaith agaibh maidir leis an mbealach inar dhéileáil aicme áirithe de na

húdaráis eaglasta leis na nithe seo. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach go

ndéanfaidh sibh comhoibriú an-teann leis na húdaráis agus cabhair a

thabhairt le gur féidir a chinntiú go mbeidh éifeacht fíorshoiscéalach leis

na céimeanna a chuirtear i bhfeidhm le freagra ceart a thabhairt ar an

ngéarchéim seo. Thar aon rud eile, iarraim oraibh a chinntiú agus a

thabhairt le fios go soiléir do chách, gur fir agus mná urnaí atá ionaibh,

daoine a leanann go misniúil ar bhóthar an tiontaithe, an íonghlanta agus

an athmhuintearais. Is ar an mbealach seo a thiocfaidh beatha agus

beocht úr chun na hEaglaise in Éirinn, ón dearbhú i leith cumhacht

shlánaithe an Tiarna a bhíonn le sonrú in bhur saolta.


11. Chuig mo bhráthair-easpaig


Ní féidir a shéanadh gur theip ar chuid agaibh agus ar bhur

réamtheachtaithe, agus gur teip thubaisteach a bhí ann uaireanta nár chuir

sibh na noirm chanónta fadbhunaithe i bhfeidhm ar choir na mí-úsáide

leanaí. Rinneadh botúin thromchúiseacha maidir le freagra a thabhairt ar

líomhaintí. Aithním an deacracht a bhí agaibh dul i ngleic le méid agus le

castacht na faidhbe, eolas iontaofa a bhailiú, agus cinntí cearta a

dhéanamh sa chomhthéacs go raibh easaontacht comhairle ó shaineolaithe

ann. Mar sin féin, caithfear a admháil go ndearnadh earráidí

tromchúiseacha breithiúnais agus gur tharla teipeanna ceannasaíochta ann.


Chabhraigh na nithe seo ar fad leis an mbonn a bhaint den éifeachtacht

agus den chreidiúnacht a bheadh ag dul daoibh. Is mór agam na

hiarrachtaí a rinne sibh chun earráidí an ama atá thart a cheartú, agus

chun ráthaíocht a thabhairt nach dtarlóidh a leithéidí arís. Chomh maith

le noirm an dlí canónta a chur i bhfeidhm go hiomlán ar eachtraí mí-úsáid

leanaí, lean leis an gcomhoibriú atá á dhéanamh leis na húdaráis

shibhialta maidir leis an inniúlacht ghairmiúil a bhaineann leo.


Tá sé soiléir go gcaithfidh uachtaráin na nOrd Chrábhaidh feidhmiú ar an

mbealach céanna. Ghlacadar féin páirt anseo sa Róimh le déanaí i

ndíospóireachtaí chun bealach oibre comhsheasmhach soiléir a bhunú

maidir le dul i ngleic leis na cúrsaí seo. Tá sé riachtanach go ndéanfar

athbhreithniú agus nuashonrú leanúnach ar noirm na hEaglaise in Éirinn

um chosaint ar leanaí, agus go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán

neamhchlaon iad ar bhealach a réitíonn leis an dlí canónta.


Is trí ghníomhartha deimhneacha amháin a chuirtear i gcrích go hiomlán

macánta agus go soiléir a athbhunófar meas agus dea-thoil phobal na

hÉireann i leith na hEaglaise seo a bhfuilimid coisricthe tiomanta di lenár

saol. Eascróidh sé seo ar an gcéad dul síos ón bhféinscrúdú, ón

íonghlanadh pearsanta agus ón athnuachan spioradálta. Bíonn pobal na

hÉireann, agus an ceart acu, ag súil leis gur cairde Dé, daoine naofa a

mhaireann go simplí a bheadh ionaibh, go lorgódh sibh tiontú pearsanta

in aghaidh an lae. Dóibhsan, i bhfocail Naomh Agaistín, is easpaig sibhse;

ach chomh maith leo féin cuirtear glao oraibh teacht i measc lucht

leanúna Chríost. (cf. Aitheasc 340, 1).


Spreagaim sibh dá bhrí sin chun an brath chun chuntasachta os comhair

Dé a bhaineann libh, a athnuachan, chun fás a dhéanamh i

ndlúthpháirtíocht le bhur muintir féin, agus doimhneacht a chur leis an

gcásmhaireacht thréadach atá agaibh do gach uile bhall de bhur

gcomhluadair. Iarraim oraibh ach go háirithe cúram a dhéanamh de na

saolta spioradálta agus morálta a chaitheann an uile dhuine de bhur

sagairt.


Tugaigí an dea-shampla dóibh in bhur saolta féin, bígí leo, éistigí leis na

hábhair is cúram dóibh, misnigh iad ag an am deacair seo agus déan solas

Ghrá Dé agus an tiomantas dá ndeartháireacha is dá ndeirfiúracha a

adhaint ina gcroí.


Caithfear an gnáthphobal creidmheach a spreagadh chomh maith chun

páirt ghníomhach a chaitheamh i saol na hEaglaise. Féachaigí chuige go

gcuirtear oideachas cuí orthu a chuirfeadh ar a gcumas cur síos

deisbhéalach diongbháilte a dhéanamh ar an soiscéal i lár aonaigh na nua-

shochaí (cf. 1 Pead 3:15) agus gur féidir leo páirt níos iomláine a

ghlacadh i saol agus i misean na hEaglaise. Cabhróidh sé seo chomh

maith libhse bheith mar thaoisigh inchreidte athuair, agus fianacht á

thabhairt agaibh d’fhírinne fuascailte Chríost.


12. Chuig pobal Críostaí iomlán in Éirinn


Ba cheart go gciallódh an taithí a bhíonn ag ógánaigh maidir leis an

Eaglais go dtiocfaidís i gcónaí i dteagmháil le hÍosa Críost ar bhealach

pearsanta slánaithe taobh istigh de phobal grámhar cothaitheach. Is sa

timpeallacht seo is ceart daoine óga a spreagadh chun fáis, chun

ardchaighdeán daonna agus spioradálta a bhaint amach, arb iad idéalacha

arda naofachta, carthanachta, fírinneachta a dtoilmhian, a ghlacfaidh

inspioráid ón traidisiún saibhir reiligiúnach agus cultúrtha seo. Sa

domhan seo na sochaí dí-eaglaisithe, áit ina mbíonn deacrachtaí againn

féin mar Chríostaithe labhairt faoin ngné tharchéimnitheach dár saolta,

caithfimid teacht ar bhealaí úra chun an áilleacht is an saibhreas a

bhaineann le cairdeas Chríost a thabhairt ar aghaidh don ghlúin óg, i

gcomaoin na hEaglaise. Agus aghaidh á thabhairt againn ar an

ngéarchéim láithreach, tá sé riachtanach bearta bheith ann a rachaidh i

ngleic go macánta le coireanna indibhidiúla, ach ní leor iadsan amháin: tá

gá le fís nua le go spreagfaí an ghlúin seo agus na glúine atá romhainn

le go mbeadh meas mór acu ar bhronntanas an chomhchreidimh. Is tríd

an bhealach a leagtar amach sna Soiscéil a leanúint, trí chloí le hAithne

Dé, agus trí bhur saoil a chaitheamh i bpáirt le saol Íosa Críost a

thiocfaidh sibh go fírinneach ar an ndomhain-athnuachan atá go

práinneach de dhíth orainn ag an am seo. Tugaim cuireadh daoibh uile

cloí go docht leis an mbealach seo i gcónaí.


13. A dheartháireacha agus a dheirfiúracha ionúine i gCríost, is le

domhain-chásmhaireacht daoibhse uile ag an am pianmhar seo ina

léirítear leochaileacht na staide daonna go soiléir, is ea theastaigh uaim an

teachtaireacht spreagúil thacúil seo a sheoladh chugaibh. Tá súil agam go

nglacfaidh sibh leis mar chomhartha den ndlúthchumann spioradálta atá

eadrainn, agus den mhuinín atá agam go mbeidh sibh ullamh agus ábalta

freagra a thabhairt ar dhúshláin an lae inniu trí inspioráid athnuaite agus

neart a bhaint as na traidisiúin uaisle Éireannacha seo, dílseacht do na

Soiscéil, buanseasmhacht chreidimh agus daingne i dtóraíocht na

naofachta. I ndlúthpháirtíocht libhse, déanaim urnaí dháiríre

go gcneasófar le cabhair ghrásta Dé, na créachta sin a ghoilleann chomh

mór sin ar dhaoine agus ar theaghlaigh, agus go mbraithfidh an Eaglais in

Éirinn tréimhse athbhreithe agus athnuachana spioradálta.


14. Ba mhaith liom roinnt tionscnamh coincréite a mholadh daoibh anois,

a thabharfaidh aghaidh ar an staid seo.


Ag deireadh an chruinnithe a bhí agam le heaspaig na hÉireann d’iarr mé

orthu go luafaí Carghas na bliana seo mar am urnaí go dtiocfadh trócaire

Dé agus tíolacthaí an Spioraid Naomh, an naofacht agus an neart anuas

oraibh ina slaoda sa tír sin agaibhse. Tugaim cuireadh do chách aithrí na

hAoine a ofráil ar feadh bliana, idir seo agus Cáisc na bliana 2011, ar

mhaithe leis an intinn seo. Iarraim oraibh an troscadh, an urnaí, léamh na

scrioptúr agus bhur ngníomhartha trócaireacha a ofráil ionas go

dtiocfaidh grásta an chneasaithe agus na hathnuachana chun na hEaglaise

in Éirinn. Molaim daoibh Sacraimint na hAithrí a aimsiú athuair agus

úsáid níos leithne a bhaint as an gcumhacht chlaochlaithe a bhaineann

lena ghrásta. Ba cheart cúram faoi leith a dhéanamh den adhradh

Eocairisteach, agus ba cheart go mbeadh tithe an phobail nó séipéil faoi

leith ann a bheadh tiomnaithe ach go háirithe leis an fheidhm seo.


Iarraim ar na paróistí, na cliarscoileanna, na mainistreacha agus na suímh

reiligiúnacha tréimhsí adhartha Eocairisteacha a eagrú ionas go mbeidh

deis ag cách páirt a ghlacadh iontu. Is trí dhian-urnaí os comhair

Láithreacht Réalta Dé a éireoidh libh cúiteamh a dhéanamh ar pheacaí na

mí-úsáide, rudaí a rinne an méid sin dochar, agus ag an am céanna sibh ag

lorg ghrásta an nirt athnuaite agus rún forbartha misin ó thaobh na n-

easpag, na sagairt, na baill d’Oird Chrábhaidh agus tuataí an chreidimh.


Táim cinnte de go gciallóidh an clár oibre seo go dtiocfaidh athbhreith

chun na hEaglaise in Éirinn, trí lánmhaireacht fhírinne Dé, óir is í fírinne

Dé a shaorann sinn (cf. Eoin 8:32).


Chomh maith le sin, tar éis dom comhairle a ghlacadh agus urnaí a

dhéanamh faoin ábhar seo, tá sé ar intinn agam Cuairteanna Aspalda a

thabhairt ar dheoisí áirithe in Éirinn, agus ar Oird Chrábhaidh agus

cliarscoileanna chomh maith. Déanfar na socruithe faoi na cuairteanna

seo a chabhróidh leis an eaglais áitiúil ar an mbealach chun athnuachana,

i gcomhar le hoifigigh inniúla Curia na Róimhe agus le Comhdháil

Easpag Caitliceach Éireann. Cuirfear na sonraí ar fáil in am trátha.


Molaim go mbeidh misean forleitheadach ann do gach aon easpag, do na

sagairt agus lucht na nOrd Crábhaidh ar fad.


Is é mo ghuí gur mar seo a d’fhéadfaí tarraingt ar an saineolas atá ag

seanmóirithe cleachta agus ag lucht eagraithe misean ó Éirinn is ó

áiteanna eile. Is trí scagadh úr a dhéanamh ar cháipéisí comhairleacha,

deasghnátha an oirnithe agus na gairme, agus teagasc úrnua pontaifiúil a

thiocfaidh sibh chun meas níos doimhne bheith agaibh ar an nglao áirithe

a cuireadh oraibh, ionas go mbeidh ar bhur gcumas teacht ar fhréamhacha

an chreidimh in Íosa Críost athuair, go n-ólfaidh sibh go domhain as

foinse an uisce bheo a chuireann sé ar fáil dúinn tríd an Eaglais.


Sa bhliain seo, Bliain na Sagart, molaim daoibh ach go háirithe Naomh

Eoin Vianney, duine a raibh tuiscint shaibhir aige ar rúndiamhair na

sagartachta. Scríobh seisean gurb ag an sagart a bhí an eochair a

scaoilfeadh taiscí Neimhe chugainn, gurb eisean a d’oscail an doras, gurb

eisean maor Ár dTiarna, gurb eisean an riarthóir ar a chuid earraí.


Thuig an Curé d’Ars go maith gur beannaithe an pobal ina mbíonn sagart

maith cráifeach ag freastal ar dhaoine. Dúirt sé gurb é an t-aoire maith,

an tréadaí a bhí mar chara Chríost, an bronntanas a b’fhearr a bhronnfadh

Ár dTiarna ar pharóiste, agus ceann de na buanna luachmhara ba mhó a

bhain le trócaire Dé.


Go dtiocfaidh athbheochan chun na sagartachta in Éirinn, trí idirghuí

Naomh Eoin Vianney agus go méadóidh ar an ómós a bhíonn san Eaglais

iomlán in Éirinn don bhronntanas iontach a fhaighimid ón mhinistreacht

bheannaithe.


Glacaim leis an deis seo chun buíochas a ghabháil roimh ré leo san ar fad

a bheidh ag obair chun na socruithe a bhainfidh leis na Cuairteanna

Aspalda agus na Misin a eagrú, agus leis na mílte fear agus bean ar fud na

hÉireann atá ag saothrú ar mhaithe le slándáil daoine óga i dtimpeallacht

na hEaglaise. Ón uair a tháinig tuiscint cheart chugainn faoi mhéid agus

faoi thromchúiseacht mhí-úsáid ghnéasach leanaí in institiúidí

Caitliceacha, tá na múrtha oibre déanta ag an Eaglais ar fud an domhain

chun dul i ngleic leis an fhadhb, agus chun í a leigheas. Cé gur ceart

dúinn gan aon fhaillí a bheith ann maidir le feabhsú agus nuashonrú a

dhéanamh ar na bealaí oibre atá againn faoi láthair, cuireann sé ardú

meanman orm go mbreathnaítear ar na cleachtais chosanta reatha a

chuireann pobail eaglaise áitiúla i bhfeidhm, mar eiseamláir le leanúint ag

institiúidí eile.


Ba mhaith liom an Litir seo a thabhairt i gcrích le paidir faoi leith ar son

na hEaglaise in Éirinn, paidir a sheolaim chugaibh de bharr an chúraim a

bhíonn ag athair dá chlann, agus leis an gcion a bhíonn ag comhchríostaí

daoibh, duine a gortaíodh agus a scannalaíodh ag an méid a tharla inar

Eaglais mhuirneach. Nuair a ghuíonn sibh an phaidir seo sa bhaile le

bhur muintir féin, sa pharóiste agus leis an bpobal, go gcumhdaí agus go

dtreoraí an Mhaighdean Bheannaithe Muire gach uile dhuine agaibh chun

teagmháil níos iomláine a dhéanamh lena Mac, a céasadh ar an gcros

agus a d’aiséirigh ó na mairbh. Is le cion mór agus muinín dhiongbháilte

i ngeallta Dé is ea bronnaim go croíúil oraibh uile mo Bheannacht

Aspalda, mar ghealltanas i leith neart agus síocháin an Tiarna.


Ón Vatacáin, 19 Márta 2010, ar Lá Fhéile Naomh Iósaf

BENEDICTUS PP. XVI


PAIDIR AR SON NA HEAGLAISE IN ÉIRINN

A Dhia ár nAthar,

Déan athnuachan ar an gcreideamh a thugann beatha agus slánú chugainn,

an dóchas a gheallann maithiúnas agus athbheochan phearsanta dúinn,

agus an charthanacht a dhéanann sinne a íonghlanadh agus ár gcroí a

oscailt, ionas go mbeidh grá againn duitse, agus uaidh sin do gach aon

duine dár ndeartháireacha agus dár ndeirfiúracha.


A Thiarna Íosa Críost,

Go ndéanfaidh an Eaglais in Éirinn, an tiomantas seanbhunaithe a

athnuachan maidir le hoideachas oiriúnach a chur ar an óige, agus iad a

threorú ar an mbealach chun na fírinne, chun na maitheasa, chun na

naofachta agus chun freastal fial flaithiúil a dhéanamh ar an bpobal.


A Spioraid Naoimh,

Tusa a thugann sólás, treoir agus tacaíocht dúinn,

Deonaigh go spreagfar borradh agus bláthú úr naofa

agus dúthracht chun na haspaltachta san Eaglais in Éirinn.

Go gcinnteoidh an aithrí agus an caoineadh a dhéanaimid,

an iarracht mhacánta gach éagóir a rinneadh a leigheas,

agus an rún daingean chun leasaithe atá ionainn,

go mbeidh barr flúirseach grásta ar fáil a chiallóidh méadú mór

ar an gcreideamh inár dteaghlaigh féin,

inár bparóistí, sna scoileanna agus i measc an phobail,

rud a chuirfidh go mór le spioradáltacht na sochaí Éireannaigh,

agus fás na carthanachta, an chirt, na lúcháire agus na síochána

i measc phobail iomlán na cruinne.


Is ortsa, a Dhia Trí-Aonta,

Agus muinín mhór againn i gcoimirce ghrámhar Mhuire, Banríon na

hÉireann agus ár máthair féin, i Naomh Pádraig, i Naomh Bríd agus in

iomlán na Naomh, a chuirimid ár gcúram féin, cúram ár gclann,

agus cúram riachtanas na hEaglaise in Éirinn.

Áiméan.